Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 8:2-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Nóchá an ceathrú mac, Ráfá an cúigiú mac.

3. Bhí clann mhac ag Beala: Adár, Géará, Aibíhiúd,

4. Aibíseúa, Námán, Achóach,

5. Géará, Seafúfán, agus Húrám.

6. Seo iad clann mhac Éachúd (ba chinn fine iadsan den lucht cónaithe i nGeaba, agus tugadh ar deoraíocht iad go Mánáchat):

7. Námán, Aichíá, Géará - eisean a rug ar deoraíocht iad - ghin sé Uzá agus Aichíchiud.

8. Ghin sé Seacharaím i mbánta Mhóáb tar éis dó a mhná Húisím agus Bárá a chur i leataobh.

9. Rug a chéad bhean eile mic dó: Ióbáb, Zibiá, Méiseá, Malcám,

10. Ieúz, Saiciá, Mirmeá. Ba iadsan a chlann mhac, cinn fine.

11. Rug Húisím clann mhac dó chomh maith: Aibítiúb agus Ealpál.

12. Clann mhac Ealpál: Éibir, Miseám, Seimid, an té a thóg Ónó agus Lod lena bhailte máguaird,

13. Beiríá agus Seama. Ba iadsan cinn fine na muintire a bhí ina gcónaí i nAiálón agus a ruaig lucht Ghat.

14. A dheartháir: Seáiseac; agus Iréamót.

15. Zabaidiá, Arád, Eidir,

16. Míocáéil, Ispeá, Ióchá - ba iadsan clann mhac Bheiríá.

17. Zabaidiá, Misiulám Hizcí, Háibir,

18. Ismearai, Izlíá, Ióbáb - ba iadsan clann mhac Ealpál.

19. Iacaím, Zicrí, Zaibdí,

20. Eilioaenaí, Zilleatai, Eilíéil,

21. Adáiá, Baráiá, Simreát - ba iadsan clann mhac Shimeí.

22. Ispeán, Éibir, Eilíéil,

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 8