Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 7:2-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Clann mhac Thólá: Uizí, Rafáiá, Íríéil, Iachmai, Íobsám, Samúéil, cinn finí Thólá. Le linn Dháiví ba é a líon fiche dó míle sé chéad gaiscíoch groí, de réir a gcraobh ghinealaigh.

3. Clann mhac Uizí: Iozraichiá. Clann mhac Iozraichiá: Míocáéil, Obaidiá, Ióéil, Ísíá; cúigear taoiseach ar fad;

4. bhí acu, de réir gaoil agus fine, líon slua de thríocha sé mhíle, mar bhí a lán ban agus leanaí acu.

5. Bhí gaolta acu i measc finí Íosácár go léir, ochtó seacht míle gaiscíoch groí agus iad go léir i gceap na haon chraoibhe.

6. Biniáimin: Beala, Beicir, Idíael; triúr.

7. Clann mhac Bheala: Eazbón, Uizí, Uizíael, Irímeot agus Írí; cúigear, cinn finí, laochra tréana; áiríodh iad fiche dó míle tríocha ceathair de réir ginealaigh.

8. Clann mhac Bheicir: Zimíreá, Ióáis, Eilíeizir, Eilióaenaí, Omraí, Iréamót, Aibíá, Anatót, Álaimit. Ba clann mhac le Beicir iadsan go léir.

9. Ba cheap aontaithe de réir gaoil iad, fiche míle dhá chéad fear, cinn a bhfiní, laochra tréana.

10. Clann mhac Idíael: Bileán. Clann mhac Bhileán: Ieúis, Biniáimin, Éahúd, Canáná, Zaetán, Tairsís, Aichíosáchar.

11. Rinne cinn finí de na mic seo go léir le hIdíael, laochra tréana, seacht míle dhéag dhá chéad fear réidh chun cogaidh.

12. Siúipím agus Huipim. Clann mhac Ír: Huisim; a mhacsan Achaer.

13. Clann mhac Naftáilí: Iachzael, Gúiní, Iéizir, Sealúm. Ba iadsan clann Bhileá.

14. Clann mhac Mhanaise: Aisríael, a rug a leannán Aramach; rug sí Mácaír athair Ghileád.

15. Fuair Mácaír bean do Huipim agus Shiuipím. Mácá ab ainm dá dheirfiúr. Ainm an dara duine díobh ab ea Zalofachád. Bhí iníonacha ag Zalofachád.

16. Rug Mácá, bean Mhácaír, mac ar ar thug sí Péiris; Seiris ab ainm dá dheartháir. Úlám agus Ráicim a mhic.

17. Clann mhac Úlám: Badán. Ba iadsan clann mhac Ghileád mac Mhácaír, mac Mhanaise.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 7