Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 7:17-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Clann mhac Úlám: Badán. Ba iadsan clann mhac Ghileád mac Mhácaír, mac Mhanaise.

18. Rug a dheirfiúr Hamomaileit Íseod, Aibiézir agus Machlá.

19. Bhí clann mhac ag Simíodá: Aichián, Seicim, Licí, Ainíám.

20. Clann mhac Eafráim: Siútalach, Beirid a mhac, Tachat a mhacsan, Eileádá a mhacsan, Tachat a mhacsan,

21. Zábád a mhacsan, Siútelach a mhacsan; Eizir agus Eileád. Mharaigh muintir Ghat [a bhí ag cur fúthu sa tír] iad mar gur thángadar anuas chun foghail a dhéanamh ar a n‑eallach.

22. Chaoin Eafráim a n‑athair iad ar feadh mórán laethanta agus tháinig a dheartháireacha chun sólás a thabhairt dó.

23. Ansin chuaigh Eafráim chun a mhná agus ghabh sí gin agus rug sí mac, agus thug sí Béiríá (.i. Mí-Ádh) mar ainm air, “mar,” a dúirt sí, “i mo theachsa bíonn mí-ádh ar dhuine.”

24. Bhí iníon aige darbh ainm Séará agus is í a thóg Béit Horon Íochtarach agus Uachtarach, agus Uzaen Séará.

25. Reafach a mhac; Reisif a mhacsan, Tealach a mhacsan, Tachan a mhacsan,

26. Ladán a mhacsan, Aimíohúd a mhacsan, Eilíseamá a mhacsan,

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 7