Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 7:13-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Clann mhac Naftáilí: Iachzael, Gúiní, Iéizir, Sealúm. Ba iadsan clann Bhileá.

14. Clann mhac Mhanaise: Aisríael, a rug a leannán Aramach; rug sí Mácaír athair Ghileád.

15. Fuair Mácaír bean do Huipim agus Shiuipím. Mácá ab ainm dá dheirfiúr. Ainm an dara duine díobh ab ea Zalofachád. Bhí iníonacha ag Zalofachád.

16. Rug Mácá, bean Mhácaír, mac ar ar thug sí Péiris; Seiris ab ainm dá dheartháir. Úlám agus Ráicim a mhic.

17. Clann mhac Úlám: Badán. Ba iadsan clann mhac Ghileád mac Mhácaír, mac Mhanaise.

18. Rug a dheirfiúr Hamomaileit Íseod, Aibiézir agus Machlá.

19. Bhí clann mhac ag Simíodá: Aichián, Seicim, Licí, Ainíám.

20. Clann mhac Eafráim: Siútalach, Beirid a mhac, Tachat a mhacsan, Eileádá a mhacsan, Tachat a mhacsan,

21. Zábád a mhacsan, Siútelach a mhacsan; Eizir agus Eileád. Mharaigh muintir Ghat [a bhí ag cur fúthu sa tír] iad mar gur thángadar anuas chun foghail a dhéanamh ar a n‑eallach.

22. Chaoin Eafráim a n‑athair iad ar feadh mórán laethanta agus tháinig a dheartháireacha chun sólás a thabhairt dó.

23. Ansin chuaigh Eafráim chun a mhná agus ghabh sí gin agus rug sí mac, agus thug sí Béiríá (.i. Mí-Ádh) mar ainm air, “mar,” a dúirt sí, “i mo theachsa bíonn mí-ádh ar dhuine.”

24. Bhí iníon aige darbh ainm Séará agus is í a thóg Béit Horon Íochtarach agus Uachtarach, agus Uzaen Séará.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 7