Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 5:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael. Ba eisean an chéadghin, ach de bhrí gur thruailligh sé leaba a athar, tugadh a cheart céadghine do chlann mhac Iósaef mac Iosrael. Chaill sliocht Reúbaen ceart na céadghine,

2. óir d'éirigh Iúdá níos tréine ná a dheartháireacha - mar tháinig flaith ar a shliocht - ach d'fhan ceart na céadghine ag Iósaef.

3. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc Palú, Heazrón, Cairmi.

4. Clann mhac Ióéil: Seamaiá a mhac; Góg a mhacsan; Simeí a mhacsan;

5. Míceá a mhacsan; Reáiá a mhacsan; Bál a mhacsan;

6. Béará a mhacsan, an té a thug Tigleat Pileisir rí na hAsaíre i ndeoraíocht; flaith de na Reúbaenaigh ab ea é.

7. A ghaolta de réir finí, in ord de réir gaoil: Ieíael an taoiseach, Zacairiá,

8. Beala mac Ázáz, mac Sheama, mac Ióéil.Chuir Reúbaen faoi in Aroéir, agus leath go Neabó agus Bál Meón.

9. Shín a thailte soir go dtí an fásach ar an taobh seo den Eofrataes mar bhí a lán tréada acu i dtír Ghileád.

10. Le linn Shóil chuir siad cogadh ar na Hagraígh. Fuair siad an lámh in uachtar orthu agus fuair siad seilbh ar a mbothanna ar fud na dúiche go léir lastoir de Ghileád.

11. Mhair clann Ghád ina gcóngar ag cur fúthu i dtír Bháiseán chomh fada le Salacá:

12. Ióéil, an taoiseach, Seáfám an dara duine, ansin Ianaí agus Seáfát i mBáiseán.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 5