Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 4:4-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ghin Panúéil Gador; ghin Eizir Húiseá. Iadsan clann mhac Húr, céadghin Eafrátá, athair Bhéitlihim.

5. Bhí beirt bhan ag Aischiúr, athair Theacóá, Healá agus Nárá.

6. Rug Nárá dó: Achuzám, Héifir, na Timnigh agus na hAchaisteáraigh. Iadsan clann mhac Nárá.

7. Clann mhac Healá: Zeirit, Zochar, Eatnán.

8. Ghin Cóz Anúb, Hazobaebá, agus finí Acharchael mac Hárum.

9. Thuill Iabaez onóir thar a dheartháireacha, agus thug a mháthair Iabaez air, “mar,” ar sí, “thug mé ar an saol é in anacair.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 4