17. Clann mhac Eazrá: Ieitir, Meirid, Éifir, Iálón. Ansin rug [a bhean] Miriám, Seamaí, agus Isbeach, athair Eistimeoa.
18. Rug a bhean Iúdách Ieirid athair Ghador, Heibir athair Shócó, agus Iacúitíéil athair Zánóa. Sin iad clann mhac Bhitiá, iníon Fhorainn a phós Meirid.
19. Clann mhac bhean Hóidíá, deirfiúr Nacham: athair Cheíleá an Garmach agus Eistimeoa an Mácátach.
20. Clann mhac Shimeon: Amnón Rinneá, Bein Hánán, Tíleón. Clann mhac Isí: Zóchaet agus Bein Zóchaet.