Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 3:4-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Rugadh seisear dó dá bhrí sin i Heabrón mar a raibh sé i réim seacht mbliana agus sé mhí. Bhí sé tríocha trí bliana i réim in Iarúsailéim.

5. Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin;

6. Ibcheár, Eiliseámá, Eilífilit,

7. Noga, Neifig, Iáifia,

8. Eilíseámá, Eiliádá, Eilífilit; naonúr.

9. Sin iad clann mhac uile Dháiví, seachas clann mhac na leannán. Deirfiúr dóibh ab ea Támár.

10. Sliocht Sholaimh: Rachabám, Aibíá a mhac, Ásá a mhacsan, Iahóiseáfát a mhacsan,

11. Iórám a mhacsan, Achaizíá a mhacsan, Ióáis a mhacsan,

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 3