Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 3:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seo iad clann mhac Dháiví a rugadh dó i Heabrón: an chéadghin Amnon ó Aichíonam as Izréil; an dara mac Dáníéil ó Aibiogáil ó Chairmeil.

2. An tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Talmai rí Ghisiúr; an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít;

3. an cúigiú mac Safaitiá mac Aibíteál; an séú mac Itreám óna bhean Eaglá.

4. Rugadh seisear dó dá bhrí sin i Heabrón mar a raibh sé i réim seacht mbliana agus sé mhí. Bhí sé tríocha trí bliana i réim in Iarúsailéim.

5. Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin;

6. Ibcheár, Eiliseámá, Eilífilit,

7. Noga, Neifig, Iáifia,

8. Eilíseámá, Eiliádá, Eilífilit; naonúr.

9. Sin iad clann mhac uile Dháiví, seachas clann mhac na leannán. Deirfiúr dóibh ab ea Támár.

10. Sliocht Sholaimh: Rachabám, Aibíá a mhac, Ásá a mhacsan, Iahóiseáfát a mhacsan,

11. Iórám a mhacsan, Achaizíá a mhacsan, Ióáis a mhacsan,

12. Amaiziá a mhacsan, Azairiá a mhacsan, Iótám a mhacsan,

13. Áchaz a mhacsan, Hiziciá a mhacsan, Manaise a mhacsan,

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 3