Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 28:10-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Déan do mhachnamh anois ar conas a thogh an Tiarna thú le teach a thógáil don sanctóir. Bí laidir agus déan amhlaidh.”

11. Thug Dáiví ansin do Sholamh, a mhac, an plean do phóirse an Teampaill, dá fhoirgnimh, dá chistí, dá sheomraí uachtair, dá sheomraí cúil, agus don seomra i gcomhair chathaoir na trócaire;

12. thug sé cur síos dó freisin ar a raibh beartaithe aige do chúirteanna theach an Tiarna, do na seomraí ina thimpeall, do chistí theach Dé, agus do chistí na n‑ofrálacha deonacha;

13. agus do ranna na sagart agus na Léivíteach, agus do na dualgais liotúirge i dTeampall an Tiarna, do ghréithe uile na seirbhíse i dTeampall an Tiarna;

14. don mheáchan óir do na soithí óir go léir do gach seirbhís, don mheáchan airgid do na soithí airgid do gach seirbhís,

15. don mheáchan óir do na coinnleoirí óir agus dá lóchrainn, don mheáchan óir do gach coinnleoir agus dá lóchrainn, don mheáchan airgid don choinnleoir airgid agus dá lóchrainn, de réir mar ba ghá do gach coinnleoir sa tseirbhís,

16. don mheáchan óir do gach bord i gcomhair arán an taispeántais, don airgead do na boird airgid,

17. don ór fíre do na gabhla, na miasa, na cupáin; do na cuacha óir agus do mheáchan gach cinn díobh; do na cuacha airgid agus do mheáchan gach cinn díobh;

18. don mheáchan óir fhíre d'altóir na túise; thug sé dó chomh maith a phlean do charbad óir na gceiribíní a leathann a sciatháin os cionn áirc chonradh an Tiarna -

19. bhí sé sin go léir de réir mar a bhí scríofa ag an Tiarna faoi lena láimh féin d'fhonn go ndéanfadh sé an obair go léir dár thug sé na pleananna soiléir.

20. Ansin dúirt Dáiví le Solamh a mhac: “Bí daingean teann agus tabhair faoin obair. Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat mar tá an Tiarna Dia, mo Dhia-sa, le d'ais. Ní theipfidh seisean ort ná ní thréigfidh sé thú nó go mbeidh an saothar go léir atá le déanamh do theach an Tiarna curtha i gcrích!

21. Seo agat ranna uile na sagart agus na Léivíteach do dhualgais theach Dé go léir. Gach duine a bhfuil fonn air agus cumas d'aon saghas ann, cabhróidh sé leat san obair seo go léir. Tá na hoifigigh agus an pobal ar fad ar do chomhairle go hiomlán.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 28