1. Dáiví, agus na feidhmeannaigh shinsearacha, chuir siad ar leithligh: clann mhac Ásáf agus Haemán agus Iadútún, fáithe a chanadh le tionlacan ó chruit ó chláirseach agus ó chiombal, agus rinneadh liosta díobh siúd a raibh na dualgais sin le comhlíonadh acu.
2. De chlann Ásáf: Zacúr, Iósaef, Natainiá, Aisearaelá. Bhí clann Ásáf faoi threoir Ásáf, a rinne fáidheoireacht faoi threoir an rí.
3. De Iadútún: clann mhac Iadútún: Gadailiá, Zeirí, Íseáia, [Simeí], Haisaibiá, Maititiá; bhí seisear díobh faoi threoir Iadútún, a n‑athair, a rinne fáidheoireacht le tionlacan na cruite ag moladh agus ag móradh an Tiarna.
4. De Haemán: clann mhac Haemán: Buicíá, Matainiá, Uizíéil, Seabúéil, Iaraemót, Hanainiá, Hanáiní, Eilíátá, Giodailtí, Romaimtí Eizir, Iosbacáiseá, Malóití, Hóitír, Machaizíót.
5. Clann mhac Haemán an fáidh iadsan go léir. Ba iad a shéideadh an stoc mar thionlacan le briathra Dé. Bhronn Dia ceathrar mac déag agus triúr iníon ar Haemán.