18. Dúirt aingeal an Tiarna ansin le Gád: “Ní foláir do Dháiví dul suas agus altóir a thógáil don Tiarna ar urlár buailte Ornán an Iabúsach.”
19. Ghabh Dáiví suas dá bhrí sin de réir bhriathar Ghád, an briathar a labhair sé in ainm an Tiarna.
20. Bhí Ornán ag bualadh cruithneachta, agus chas sé ar a sháil agus chonaic an t‑aingeal agus chuaigh sé i bhfolach, é féin agus a cheathrar mac a bhí in éineacht leis.
21. Nuair a bhí Dáiví ag teacht chuige, d'fhéach Ornán síos agus chonaic Dáiví; d'fhág sé an t‑urlár buailte, agus thug sé ómós do Dháiví agus a cheann crom chun talún.
22. Ansin dúirt Dáiví le hOrnán: “Tabhair dom láthair an urláir bhuailte le haltóir a thógáil ann don Tiarna - tabhair dom é ar a luach iomlán - i dtreo go gcasfaí an phlá ar shiúl ón bpobal.”