Dúirt Dáiví le Dia: “Nach mise a thug an t‑ordú an pobal a áireamh? Mise a pheacaigh; is mise a rinne an drochrud seo. Ach na daoine seo, an tréad seo, cad tá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa, a Thiarna mo Dhia, agus ar mo chlann; ach téadh do phobal slán ón bplá.”