Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 20:4-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ina dhiaidh sin, bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh i nGeizir. Sin é an uair a mharaigh Suibeacai an Huiseátach Suipí, de shliocht na Rafáím. Cloíodh na Filistínigh.

5. Bhris cogaíocht amach arís eile leis na Filistínigh agus mharaigh Ealchánán mac Iáír Lachmaí, deartháir Ghóla an Giteach, ar chosúil le bíoma fíodóra crann a shleá.

6. Bhí cath eile ag Gat mar a raibh fear mór groí a raibh sé mhéar ar gach láimh leis agus sé mhéar ar gach cois, ceithre mhéar fichead ar fad. Ba de shliocht Rafa eisean chomh maith.

7. Nuair a thug sé dúshlán Iosrael, mharaigh Iónátán mac Shimeá, deartháir Dháiví, é.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 20