Thug sé leis lucht na cathrach agus chuir sé ag obair iad le sábha, le piceanna, agus le tuanna iarainn. Thug Dáiví an cor céanna ar chathracha uile na nAmónach. Ansin d'fhill Dáiví agus an t‑arm ar fad go Iarúsailéim.