5. Ásáf i gceannas, Zacairiá sa dara háit, ansin [Uizíéil], Simíreámót, Íchíéil, Maititiá, Eilíáb, Banáiá, Obaed Eadóm, Íéil. An chláirseach agus an chruit a bhí le seinm acusan; bhí Ásáf leis na ciombail a bhualadh.
6. Bhí na sagairt Banáiá agus Iachaizíéil leis an adharc a shéideadh gan stad os comhair áirc chonradh an Tiarna.
7. An lá sin rinne Dáiví, fear molta an Tiarna thar chách, an t‑amhrán molta seo a chur faoi chúram Ásáf agus a ghaolta:
8. Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí go hard ar a ainm.Foilsígí a oibreacha i measc na gciníocha!
9. Canaigí dó, seinnigí dó,Insígí a éachtaí go léir!
10. Bíodh mórtas oraibh mar gheall ar a ainm naofa,Agus bíodh lúcháir chroí ar an muintir atá sa tóir ar an Tiarna.
11. Bíodh tóir agaibh ar an Tiarna agus ar a neart,Lorgaígí a ghnúis gan stad.
12. Bíodh cuimhne agaibh ar na hiontais a rinne sé,Ar na héachtaí a rinne sé, agus ar bhreitheanna a bhéil.
13. A cheap Iosrael, a sheirbhíseach,A chlann mhac Iacóib a thogh sé!
14. Eisean, an Tiarna, ár nDia;Tá a údarás os cionn na cruinne go léir.
15. Is cuimhin leis a chonradh go síoraí,Agus a bhriathar ceannais ar feadh na mílte glún,
16. An conradh a rinne sé le hAbrahám,An mionn a mhionnaigh sé le hÍosác,
17. Agus a dhaingnigh sé le Iacób ina reacht daingean,Agus le hIosrael ina chonradh síoraí,
18. Á rá: “Duitse a thabharfaidh mé tír Chanán,Mar oidhreacht athartha.”
19. Nuair ba bheag é a líon,Ina ndeoraithe ann gan aird,
20. Ag dul ó chine go cine,Ó ríocht anseo go pobal ansiúd,
21. Níor lig sé d'aon duine luí orthu,Ach smachtaigh sé ríthe ar a son.
22. “Ná bainigí le mo lucht ungtha,” ar sé,“Ná déanaigí dochar do mo fháithe!”
23. Canaigí don Tiarna, a thíortha uile;Fógraígí a shlánú ó lá go lá.