Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 16:32-42 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. Go lige an fharraige, agus a bhfuil inti, búir aisti;Bíodh lúcháir ar na goirt agus ar a bhfuil iontu.

33. Cuireadh crainn na coille gáir áthais suas,i bhfianaise an Tiarna mar tá sé ag teacht a rialú na cruinne.

34. Beirigí buíochas leis an Tiarna mar is maith é;Maireann a bhuanghrá go brách!

35. Abraigí: “Tarrthaigh sinn, a Dhia ár slánaithe;Cruinnigh le chéile sinn agus fuascail sinn ó lár na gciníocha;Ionas go gceiliúrfaimis d'ainm naofa,Agus go mbeadh mórtas orainn do do mholadh.

36. Go mba beannaithe é an Tiarna, Dia Iosrael,ó shíoraíocht go síoraíocht.”Ansin dúirt an pobal go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna.

37. D'fhág Dáiví Ásáf agus a ghaolta ansiúd os comhair áirc chonradh an Tiarna le seirbhís bhuan a dhéanamh os comhair na háirce mar a d'éiligh gach lá;

38. agus Obaed Eadóm lena ochtar gaol agus trí fichid; cuireadh Obaed Eadóm, mac Iadútún, agus Hosá i bhfeighil an gheata.

39. D'fhág sé Zádóc an sagart agus a shagairt ghaoil os comhair thaibearnacal an Tiarna ar an ardionad i nGibeón,

40. le híobairtí uileloiscthe a ofráil gan stad maidin agus tráthnóna ar altóir an uileloiscthe agus le gach a bhfuil scríofa i ndlí an Tiarna, an dlí a leag sé ar Iosrael, a chomhlíonadh.

41. Bhí Héamán agus Iadútún ina dteannta agus an chuid eile díobh siúd a toghadh agus a ainmníodh le Dia a mholadh, “mar maireann a bhuanghrá de shíor”.

42. Bhí Héamán agus Iadútún i bhfeighil na stoc agus na gciombal agus na n‑uirlisí don cheol a bhí ag gabháil le hiomainn mholta Dé. Cuireadh clann mhac Iadútún i bhfeighil an gheata.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 16