Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 16:3-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ansin roinn sé ar na hIosraelaigh go léir, idir fhir agus mhná, builín aráin an duine, píosa feola, glac dátaí, agus císte rísíní.

4. Cheap Dáiví cuid de na Léivítigh ina ministirí os comhair áirc an Tiarna leis an Tiarna, Dia Iosrael, a impí, a ghlóiriú, agus a mholadh:

5. Ásáf i gceannas, Zacairiá sa dara háit, ansin [Uizíéil], Simíreámót, Íchíéil, Maititiá, Eilíáb, Banáiá, Obaed Eadóm, Íéil. An chláirseach agus an chruit a bhí le seinm acusan; bhí Ásáf leis na ciombail a bhualadh.

6. Bhí na sagairt Banáiá agus Iachaizíéil leis an adharc a shéideadh gan stad os comhair áirc chonradh an Tiarna.

7. An lá sin rinne Dáiví, fear molta an Tiarna thar chách, an t‑amhrán molta seo a chur faoi chúram Ásáf agus a ghaolta:

8. Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí go hard ar a ainm.Foilsígí a oibreacha i measc na gciníocha!

9. Canaigí dó, seinnigí dó,Insígí a éachtaí go léir!

10. Bíodh mórtas oraibh mar gheall ar a ainm naofa,Agus bíodh lúcháir chroí ar an muintir atá sa tóir ar an Tiarna.

11. Bíodh tóir agaibh ar an Tiarna agus ar a neart,Lorgaígí a ghnúis gan stad.

12. Bíodh cuimhne agaibh ar na hiontais a rinne sé,Ar na héachtaí a rinne sé, agus ar bhreitheanna a bhéil.

13. A cheap Iosrael, a sheirbhíseach,A chlann mhac Iacóib a thogh sé!

14. Eisean, an Tiarna, ár nDia;Tá a údarás os cionn na cruinne go léir.

15. Is cuimhin leis a chonradh go síoraí,Agus a bhriathar ceannais ar feadh na mílte glún,

16. An conradh a rinne sé le hAbrahám,An mionn a mhionnaigh sé le hÍosác,

17. Agus a dhaingnigh sé le Iacób ina reacht daingean,Agus le hIosrael ina chonradh síoraí,

18. Á rá: “Duitse a thabharfaidh mé tír Chanán,Mar oidhreacht athartha.”

19. Nuair ba bheag é a líon,Ina ndeoraithe ann gan aird,

20. Ag dul ó chine go cine,Ó ríocht anseo go pobal ansiúd,

21. Níor lig sé d'aon duine luí orthu,Ach smachtaigh sé ríthe ar a son.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 16