Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 12:22-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Ba thaca iadsan do Dháiví agus dá shluaite, mar gur churaí calma iad go léir, agus rinneadh oifigigh san arm díobh.

23. Bhí cabhair fear ag teacht chun Dáiví in aghaidh an lae i dtreo gur tháinig fás faoina longfort go ndearnadh longfort ábhalmhór de.

24. Seo, de réir an rolla, áireamh na laochra ullamh chun catha a ghabh le Dáiví i Heabrón chun ríocht Shóil a sheachadadh dó de réir ordú an Tiarna:

25. Clann Iúdá ag iompar scéithe agus ga: sé mhíle ocht gcéad laoch faoi arm catha;

26. de chlann Shimeon: seacht míle céad laoch cróga i gcath;

27. de chlann Léiví: ceithre mhíle sé chéad,

28. seachas Iahóideá a bhí i gceannas chlann Árón, le trí mhíle seacht gcéad díobhsan,

29. agus Zádóc, laoch óg cróga, agus beirt cheannasaí fichead de fhiní a athar;

30. de chlann Bhiniáimin: trí mhíle de ghaolta Shóil, a raibh a bhformhór go dtí sin i seirbhís theaghlach Shóil;

31. de chlann Eafráim: fiche míle ocht gcéad de laochra cróga, fir a raibh cáil orthu i measc a bhfiní;

32. de leath-threibh Mhanaise: ocht míle déag a ainmníodh d'aonghnó le dul agus Dáiví a fhógairt ina rí;

33. de chlann Íosácár, fir a thuig tráth agus antráth, agus cathain agus conas ba cheart d'Iosrael beart a dhéanamh: dhá chéad taoiseach agus a ngaolta go léir faoina gceannas;

34. de chlann Zabúlun: caoga míle fear ullamh chun seirbhíse, réidh chun catha, le hairm chogaidh de gach sort, lucht teann tacaíochta aige;

35. de chlann Naftáilí: míle oifigeach, agus tríocha seacht míle fear faoi airm, le sciath agus ga;

36. de chlann Dhán: fiche ocht míle sé chéad, réidh chun catha;

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 12