10. Agus ghlaoigh sé na daoine chuige go ndúirt sé leo, “Éistigí leis seo agus tuigigí:
11. ní hé an ní a théas isteach sa bhéal a shalaíos an duine, ach an ní a thagas amach as an mbéal, sin an ní a shalaíos an duine.”
12. Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis, “Nach bhfuil fhios agat gur ghlac na Fairiséigh scannal nuair a chuala siad an rá sin agat?”
13. Ba é a d'fhreagair sé, “Níl aon phlanda nach bhfuil curtha ag m'Athair neamhaí nach dtarraingeofar amach as na fréamhacha.
14. Ná bainigí leo; is iad na treoraithe dalla iad. Má threoraíonn dall dall, titfidh siad ar aon i bpoll.”
15. Ach dúirt Peadar leis, “Mínigh an fáithscéal dúinn.”
16. Agus dúirt sé, “An bhfuil sibhse go fóill gan tuiscint freisin?
17. Nach bhfeiceann sibh, cibé ní a théas isteach ar an mbéal, go dtéann sé ar aghaidh leis go dtí an goile, agus amach sa chamra?