10. Agus dúirt sé leo, “Nuair a thagann sibh go teach, fanaigí sa teach úd nó go bhfágann sibh an baile.
11. Agus más rud é go mbíonn siad doicheallach romhaibh agus mura dtugann siad éisteacht daoibh, nuair a imíonn sibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑éadan.”
12. “D'imigh siad mar sin a sheanmóireacht na haithrí do na daoine.
13. Agus chuir siad mórán deamhan amach, agus chuir siad ola ar a lán daoine breoite agus leigheas siad iad.
14. Chuala Ri Iorua faoi; óir bhí ainm Íosa i mbéal an phobail. Bhí cuid de na daoine ag rá, “Is é Eoin Baiste é a tógadh ó na mairbh; agus sin an chúis go mbíonn na cumhachtaí sin ar obair ann.”
15. Ach dúirt dream eile, “Is é Elia é.” Agus deireadh dream eile fós, “Fáidh é, mar fháidh de na seanfháithe.”
16. Ach nuair a chuala Iorua faoi, dúirt sé, “Is é Eoin, ar bhain mise an ceann de, atá beo arís.”
17. Óir ba é Iorua a rinne Eoin a ghabháil, agus a cheangail i bpríosún i ngeimhle é mar gheall ar Heródias, bean a dhearthár Pilip; de bhrí gur phós sé ise.
18. Óir dúirt Eoin le hlorua, “Níl sé de réir dlí bean do dhearthár a bheith agatsa.”
19. Agus bhí olc ag Heródias dó, agus ba mhian léi a mharú. Ach níor fhéad sí sin a dhéanamh.
20. Óir bhí eagla ar Iorua roimh Eoin, agus a dhea-fhios aige gurbh fhear naofa fíréan é, agus mar sin choinnigh sé sábháilte é. Bhíodh sé idir comhairle nuair a chluineadh sé é; ach d'éisteadh sé leis go fonnmhar.