22. Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Tá na laethanta ag teacht a mbeidh sibh ag tnúth le lá amháin de laethanta Mhac an duine a fheiceáil, agus gan é le feiceáil agaibh.
23. Agus déarfar libh, ‘Seo anseo é!’ nó ‘Siúd thall é!’ Ná héirígí amach, agus ná leanaigí iad.
24. Mar is mar chaor thintrí ag soilsiú ó thaobh go taobh na spéire, is amhlaidh a bheidh Mac an duine ina lá féin.
25. Ach roimhe sin is iomaí rud a chaithfeas sé a fhulaingt agus séanfaidh an ghlúin seo é.
26. Mar a bhí sé i laethanta Naoi, is amhlaidh a bheidh i laethanta Mhac an duine.
27. Bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus pósta, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc, an lá ar tháinig an díle gur bádh iad uile go léir.
28. Beidh freisin mar a bhí i laethanta Lot—bhíodh daoine ag ithe agus ag ól, ag díol agus ag ceannach, ag plandú crann agus ag tógáil tithe,
29. ach an lá a d'fhág Lot Sodóm, is ea a thit an cith tine agus ruibhe anuas ó neamh a scrios an uile dhuine acu—
30. is amhlaidh a bheidh an lá a nochtfar Mac an duine.
31. An lá úd, má tá duine i mullach an tí, agus a mhaoin sa teach, ná tagadh sé anuas isteach lena breith leis; agus mar an gcéanna don té atá amuigh sa pháirc imíodh sé gan filleadh siar.
32. Cuimhnígí ar bhean Lot.
33. An té bhíos ag iarraidh a anam a choinneáil slán is é a chaillfeas é, ach an té a chaillfeas a anam, is é a shlánós é.
34. Táim ag insint daoibh go mbeidh beirt fhear ar an aon leaba; tógfar fear acu, agus fágfar an fear eile.