14. Ach níorbh fhada gur thit mórghaoth anoir aduaidh orthu ó thaobh an talaimh, a dtugtar an tonnghaoth uirthi;
15. agus ó bhí an long gafa aici, gan é inár gcumas a tosach a thiontú léi, b'éigean dúinn imeacht leis an ngaoth.
16. Chuamar ar thaobh an fhoscaidh d'oileáinín a raibh Cauda mar ainm air, agus chuir sé obair mhór orainn an bád a cheangal;
17. agus nuair a bhí sé tógtha ar bord acu, rinne siad a ndícheall le cabhail na loinge a dhaingniú le téada; bhí eagla orthu ansin go mbuailfidís ar oitreacha na Syrtes, agus d'ísligh siad an rigín, agus lig siad di imeacht léi.
18. Agus ó bhíomar dár ndianchoscairt ar bharr na dtonnta, tosaíodh an lá ina dhiaidh sin ag caitheamh an lasta amach san fharraige;
19. agus an tríú lá rug siad lena lámha féin ar threalamh na loinge gur chaith thar bord é.
20. Agus ó bhí mórán laethanta i ndiaidh dul thart gan grian ná réaltaí a theacht ar ár n‑amharc, agus ó nár bheag ná suarach an doineann sin a rug orainn, ní raibh dóchas ar bith fágtha againn le teacht slán as.