4. Agus arsa Pól, “Bhíodh Eoin ag baisteadh daoine le baiste na haithrí, agus ag insint do na daoine go gcaithfeadh siad creideamh sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.”
5. Nuair a chuala siad sin, ghlac siad le baiste in ainm an Tiarna Íosa.
6. Agus nuair a leag Pól a lámha orthu, tháinig an Spiorad Naomh orthu; agus labhair siad i dteangacha agus rinne siad fáidheadóireacht.
7. Bhi dáréag iontu go hiomlán.
8. Agus chuaigh sé isteach sa tsionagóg ansin, agus labhair sé go neamheaglach i rith trí mhí, ag díospóireacht agus ag pléchúis ríocht Dé;
9. ach nuair a bhí cuid acu cruamhuineálach díchreidmheach, agus iad ag cáineadh na Slí os comhair an chomhthionóil, dhealaigh sé leo ansin, ag tabhairt na ndeisceabal leis, go ndearna díospóireacht ó lá go lá in áras Thiranais.
10. Leanadh den obair sin ar feadh dhá bhliain, ar mhodh gur chuala áitreabhaigh na hÁise uile, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, briathar Dé.
11. Agus bhíodh míorúiltí neamhchoitianta á ndéanamh ag Dia trí lámha Phóil,
12. mar bhíodh ciarsúir agus éadaí eile a bhí ar a chorpsan á n‑iompar chuig daoine breoite, agus na haicídí á bhfágáil agus na deamhain ag imeacht astu dá thairbhe sin.
13. Ba ansin a ghlac cuid de na Giúdaigh shiúil, lucht deamhain a dhíbirt, orthu féin ainm an Tiarna Íosa a lua os cionn na ndaoine a raibh deamhain ina gcoirp, mar deiridís, “Cuirim ort as ucht an Íosa seo a mbíonn Pól ag seanmóireacht faoi.”
14. Bhi seachtar mac a bhí ag ardsagart Giúdach darbh ainm Scébha ag déanamh mar sin.
15. Ach ba mar seo a d'fhreagair an drochsprid iad, “Tá aithne agam ar Íosa agus eolas agam faoi Phól; ach cé sibh féin?”
16. Agus léim an fear, a raibh an deamhan ann, ina mullach, á gcloí uile, agus ag fáil an lámh uachtair orthu, sa chruth gur theith siad as an teach úd agus iad loite lomnocht.