12. “Is fíor agus is fírinneach a bhfuil á insint agam daoibh, an té a chreideas ionam déanfaidh sé na hoibreacha atá á ndéanamh agam; agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad seo, mar tá fúm imeacht chun an Athar.
13. Cibé ní a iarrfas sibh i m'ainmse, déanfaidh mé é, ionas go nglóirítear an tAthair sa Mhac;
14. níl ní dá n‑iarrfaidh sibh i m'ainmse nach ndéanfaidh mé.
15. “Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m'aitheanta.
16. Agus iarrfaidh mé ar an Athair Comhairleoir eile a thabhairt daoibh, le bheith agaibh go síoraí buan,
17. is é sin Spiorad na fírinne, an Spiorad nach bhféadann an saol a ghlacadh, as siocair nach mbíonn amharc aige air ná aithne aige air; tá aithne ligthe aige libh, ós é a fhanas agaibh, agus a bheas ionaibh istigh.
18. “Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé chugaibh.
19. Seal beag eile, agus beidh mé as amharc an tsaoil, ach beidh amharc agaibh orm; ó mhairimse beo, mairfidh sibhse beo freisin.
20. Sa lá úd aithneoidh sibh go bhfuil mise i m'Athair, agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus go bhfuil mise ionaibh.
21. An té a mbíonn m'aitheanta aige agus a choinníos iad, is é an duine sin a bhfuil grá aige dom; agus tabharfaidh m'Athair a ghrá don té a thugas grá dom, agus tabharfaidh mé féin mo ghrá dó agus beidh mé do mo thaispeáint féin don duine sin.”
22. Arsa Iúdás (nárbh é Iúdás Iscariót é) leis, “A Thiarna, conas a thaispeánfaidh tú thú féin dúinn, agus nach dtaispeánfaidh tú thú féin don saol?”