35. Dúirt Íosa leo, “Tá an solas libh seal beag eile. Bígí ag siúl chomh fada agus a bhíos an solas agaibh, ar eagla go mbeire an dorchadas oraibh; an té a shiúlas sa dorchadas níl fios a bhealaigh aige.
36. Chomh fada agus atá an solas agaibh, creidigí sa solas, go raibh sibh in bhur gclann mhac an tsolais.”Nuair a bhí an chaint sin ráite ag Íosa, d'imigh sé leis agus chuaigh sé i bhfolach rompu.
37. In ainneoin a liacht comharthaí a bhí déanta aige os a gcomhair, ní chreidfidís ann;
38. ní a tharla ag fíorú an bhriathair a labhair an fáidh Ísáia:“A Thiarna, cé a chreid dár dtuairisc,agus cé hé sin ar nochtadh dó an t‑urradh atá i ngéag an Tiarna?”
39. Dá bhri sin níor fhéad siad creidiúint. Mar dúirt Ísáia arís,
40. “Tá a súile dallta agus a gcroithe calcaithe aige,sa tsli nach bhfeicfeadh a súile agus nach mothódh a gcroithe,agus nach dtiontóidís thart ionas go leigheasfainn iad.”
41. Dúirt Isáia an méid sin ar siocair go bhfuair sé amharc ar a ghlóir agus is air a thrácht sé.
42. Ni lúide chreid mórán de na cinn urraidh féin ann, ach leis an eagla a bhí orthu roimh na Fairiséigh níor admhaigh siad é, ar eagla go gcaithfí amach as an tsionagóg iad;
43. mar b'ansa leo moladh ó dhaoine ná moladh ó Dhia.
44. Agus ghlaoigh Íosa os ard agus dúirt sé, “An té a chreideas ionam, ní hionamsa a chreideas sé ach sa té a chuir anseo mé.
45. Agus an té a fheiceas mé feiceann sé an té a chuir anseo mé.
46. Tháinig mise isteach sa saol mar a bheadh solas ann, ionas nach bhfana an té a chreideas ionam sa dorchadas.
47. Má chluineann duine briathra mo chainte gan a gcur i ngníomh, ní thugaimse breithiúnas air; mar ní leis an domhan a chur faoi bhreithiúnas ach leis an domhan a shlánú a tháinig mé.
48. An té a dhiúltaíos dom agus nach nglacann le mo bhriathra, bíonn breitheamh air; an briathar a labhair mé, beidh an briathar seo mar bhreitheamh air lá deiridh an domhain.