8. Agus mise Eóin an tí do chonnairc agus do chúaluidh na neithese. Agus an tan do chúala agus do chonnairc íad, do thuit mé síos chum sléuchdana do dhéunamh a bhfiadhnuise chos a naingil do fhoillsigh na neithese dhamh.
9. Achd a dubhairt sé riom, Seachuin thú ar sin do dhéunamh: óir is coimhshearbhfhoghantuighe dhuit mé, agus dod dhearbhráithribh ná fáidhibh, agus don druing choimhéudas bríathra an leabhairse: déun sléuchduin do Dhía.
10. A dubhairt se riom an tan sin, Ná séuluidh bríathra fáidheadóireachda an leabhairse: óir atá a naimsir a lathair.
11. An tí do ní éugcóir, déunadh eugcóir do ghnáth: agus an tí atá neamhghlan, bíodh neamhghlan do ghnáth: agus bíodh an firéun, firéunta do ghnáth: agus bíodh an náomh, naomhtha do ghnáth.
12. Agus, féuch, is gearr do dtiucfa mé; agus mo lúach sáothair agum, chum a thabhartha dá gach áon do réir mar bhías a ghníomh.
13. As misi Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh, an chéidneach agus an neach deigheanach.