1. Agus an tan chunnairc an slúagh, do chuáidh sé súas ar shliabh: agus ar suighe dhó tangadar a dheisgiobuil chuige:
2. Agus ar nosgladh a bhéil dhó, do theagaisg sé iád, ag rádh,
3. Is beannuighthe na boichd a sbioruid óir is leó ríoghachd neimhe.
4. Is beannuighthe na daóine do ní dobhrón: óir do gheabha said sólás.
5. Is beannuighthe na daóine ceannsaighe: óir bíaidh oighreachd na talmhan aca.
6. Is beannuighthe an dream air a bhfuíl ocras agus tart na córa: óir sáiseochthar iád.
7. Is beannuighthe na daóine trócaireacha: óir do gheabha said trócaire.
8. Is beannuighthe na daóine na dáoine atá glan ná gcroidhe: óir do chífidh said Día.
9. Is beannuighthe luchd na siothchána do dhéanamh: óir goirfidhthear clan Dé dhiobh.
10. Is beannuighthe an dream fhuilngeas dochar ar son na córa: óir is léo ríoghachd neimhe.
11. Is beannuighthe bheithí, an tan imdheargfuid dáoine sibh, agus dhibeoruid sibh, agus a déuruid gach uile dhrochfhocal ribh go bréugach, ar mo shonsa.
12. Biodh gaírdeachas, agus luáthgháir óruibh: óir is mór bhur lúaidheachd ar neamh: óir is mar sin do ghérleanadar na faidhe thaínic romhaibh.
13. Is sibhsi salann na tulmhan: gidheadh dá ccaillfeadh an salann a bhlas, creúd lé a saillfidhthear é? ni bhfuil féidhm air ó sin súas, achd a thilgean a mach, agus a shailart fá chosaibh dáoine.
14. Is sibhsi solus an domhain. Ní héidir cathair atá ar na suighiughadh ar shlíabh dfolach.