8. Dhúmhsa, is lúgh na an tí as lúgha do na huile náomhuibh, do tugadh an grás so, eadhon saidhbhreas dóchúartuigthe Chríosd do shoisgéulughadh a measg na Gcineadhach.
9. Agus a fhoillsiughadh do na huile dháoinibh créd é cumann ná rúindiamhra, noch do bhí folaighthe ó thus an domhain a Ndía, noch do chrúthuigh na huile neither tré Iósa Críosd:
10. Ionnus go ndéantáoi a nois follas trés a neagluis éagna éugsamhuil Dé dúachdaránuibh agus do chúmhachduibh ar neamh,
11. Do réir an réimhchinnidh shíorruidhe noch do rinne sé a Níosa Críosd ar Dtíghearna:
12. As a bhfuil dánachd aguinn agus slighe ré dhul a steach maille ré dóthchas tré chreideamh annsan.
13. Uime sin iarruim dathchuinghe gan sibh do dhul a nanbhfainne tré mo bhuáidhearthuibhse ar bhur sonsa, noch as glóir dháoibhse.
14. Ar a nadhbharsa filleam mo ghlúine Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd,
15. As a nainmnighthear a nuile athardhachd air neam agus air talamh.