6. Noch tug é féin na fhúasgladh ar son na nuile dháoineadh, mar fhiadhnuise a nám iomchubhaidh.
7. Chum ar hórduigheadh misi um sheanmóntuigh, agus um absdal, (lábhruim a nfírinne a Gcríosd, ní dhéunuim bréug; um fhear teaguisg na Gcineadhach, a gcreideamh agus a bhfírinne.
8. Uime sin as mían rium na fir do dhéunamh úrnuighe sa nuile áit, ag tógbháil súas a lámh náomhtha, gan fheirg gan amharus.
9. Agus na mná mar an gcéudna, do chur éuduigh iomchúbhaidh iompa, maille ré hadhnáire agus ré macántus; ní ré grúaig chasda, ná ré hór, ná ré péurlaighibh, ná ré cúluigheachuibh mórluáidh;
10. Achd (mar is cúbhaidh do mhnáibh gheallus crábhádh) ré deaghoibrighibh.
11. Déunadh an bhean fóghluim a gcíuinus maille ris a nuile úmhlachd.
12. Oír ní thuguim cead do mhnáoi teagusg do thabhairt uáithe, ná ceannas do bheith aice ós cionn a nfir, achd bheith na tóchd.
13. Oír a sé Adhamh do crúthuigheadh ar tús, agus na dhiáigh sin Eúbha.
14. Agus ní hé Adhamh do mealladh, achd ar mbeith don mhnáoi ar na mealladh a sí bá ciontach ré briseadh na háithne.
15. Gidheadh slaineóchthar í ré breith cloinne, dá gcomhnuighid said a gcreideamh agus a ngrádh agus a náomhthachd maille ré macántus.