Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Timóteuis 2 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil II

Onoir dúachdaranuibh; 9 cúlaidh iomchudbhuidh, 11 agus ciuinas na mban ó theagusg choitchionn do thabhairt úatha.

1. Uime sin teaguisgim, thair gach éinní, athchuinghe, guidhe, urnuighe, agus altughadh, ar son na huile dháoineadh;

2. Ar son na ríghtheadh, agus ar son na nuile agá bhfuil cúmhachda; chum ar mbeatha do chaitheamh go sm mbeatha do chaitheamh go súaimhneach siothchánta dhúinn a nuile chráibhtheachd agus chneasdachd.

3. Oír is maith agus is geannamhuil so a bhfíadhnuise Dé ar Slánaightheóir;

4. Ré ar mían na huile dháoine sháoradh, agus íad theachd chum eólais na fírinne.

5. Oír is áoin Ndía atá ann, agus áon eidirmheadhontóir eidir Dhía agus dháoinibh, eadhon an duine Iósa Críosd;

6. Noch tug é féin na fhúasgladh ar son na nuile dháoineadh, mar fhiadhnuise a nám iomchubhaidh.

7. Chum ar hórduigheadh misi um sheanmóntuigh, agus um absdal, (lábhruim a nfírinne a Gcríosd, ní dhéunuim bréug; um fhear teaguisg na Gcineadhach, a gcreideamh agus a bhfírinne.

8. Uime sin as mían rium na fir do dhéunamh úrnuighe sa nuile áit, ag tógbháil súas a lámh náomhtha, gan fheirg gan amharus.

9. Agus na mná mar an gcéudna, do chur éuduigh iomchúbhaidh iompa, maille ré hadhnáire agus ré macántus; ní ré grúaig chasda, ná ré hór, ná ré péurlaighibh, ná ré cúluigheachuibh mórluáidh;

10. Achd (mar is cúbhaidh do mhnáibh gheallus crábhádh) ré deaghoibrighibh.

11. Déunadh an bhean fóghluim a gcíuinus maille ris a nuile úmhlachd.

12. Oír ní thuguim cead do mhnáoi teagusg do thabhairt uáithe, ná ceannas do bheith aice ós cionn a nfir, achd bheith na tóchd.

13. Oír a sé Adhamh do crúthuigheadh ar tús, agus na dhiáigh sin Eúbha.

14. Agus ní hé Adhamh do mealladh, achd ar mbeith don mhnáoi ar na mealladh a sí bá ciontach ré briseadh na háithne.

15. Gidheadh slaineóchthar í ré breith cloinne, dá gcomhnuighid said a gcreideamh agus a ngrádh agus a náomhthachd maille ré macántus.