Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 12:31-44 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Seo í an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’ Níl aithne eile is mó ná iadsan.”

32. Dúirt an scríobhaí leis: “Maith mar a labhair tú, a Mháistir. Dúirt tú le fírinne gur aon é agus nach bhfuil aon neach eile ann ach é.

33. É a ghráú ón gcroí go hiomlán, ón tuiscint go hiomlán, agus ón neart go hiomlán, agus an chomharsa a ghráú mar an duine féin, is mó sin go mór ná na híobairtí dóite agus na hofrálacha go léir.”

34. Nuair a chonaic Íosa gur labhair sé go ciallmhar, dúirt sé leis: “Ní fada thú ó ríocht Dé.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air as sin amach.

35. Fad is a bhí Íosa ag teagasc sa Teampall d'fhreagair sé agus dúirt: “Conas is féidir leis na scríobhaithe a rá gur Mac do Dháiví an Críost?

36. Is é Dáiví féin a dúirt faoi luí an Spioraid Naoimh:‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna:Suigh ar mo dheis,nó go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’

37. “Glaonn Dáiví féin Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?” D'éist an slua mór leis le háthas.

38. Dúirt sé ina theagasc: “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí,

39. agus na príomhshuíocháin acu sna sionagóga, agus na príomhthoilg ag na fleánna;

40. iadsan na daoine a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad.”

41. Shuigh Íosa síos os comhair an chiste agus bhí sé ag faire ar an slua ag cur airgid isteach sa chiste, agus chuir a lán de na daoine saibhre mórán isteach ann.

42. Agus tháinig baintreach dhealbh agus chaith sí isteach dhá chianóg, is é sin feoirling.

43. Ghlaoigh sé chuige a dheisceabail, agus dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach gur mó a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach ná mar a chaith aon duine eile dár chaith ann.

44. Óir is den iomarca a bhí acu a chaith an chuid eile isteach, ach chaith sise isteach as a huireasa a raibh aici go léir, a cuid den saol.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 12