1. Tar éis na plá labhair an Tiarna le Maois agus le hEileázár mac Árón, an sagart, agus dúirt:
2. “Déan daonáireamh de réir sleachta ar chomhthionól chlann Iosrael go léir - gach fear fiche bliain d'aois agus breis agus é ar a chumas airm a iompar.”
3. Labhair Maois agus Eileázár an sagart leis na daoine ar mhachairí Mhóáb i ngar don Iordáin sall ó Ireachó.
4. Rinneadar an t‑áireamh (faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus do chlann Iosrael ag teacht dóibh on Éigipt): Fir fiche bliain d'aois agus breis:
5. Reúbaen céadghin Iosrael: clann Reúbaen: do Hanóc, sliocht Hanóc; do Phalú, sliocht Phalú;
6. do Haezron, sliocht Haezron; do Chairmi, sliocht Chairmi.
7. Sin iad sleachta Reúbaen. Daichead trí mhíle seacht gcéad agus a tríocha fear a líon.
8. Clann Phalú: Eilíáb.
9. Clann Eilíáb: Namúael, agus Dátán agus Aibíorám. An bheirt seo Dátán agus Aibíorám, daoine ar a raibh meas ag an bpobal, is iad a thug dúshlán Mhaois agus Árón; bhaineadar le lucht leanúna Chorach a thug dúshlán an Tiarna.
10. D'oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad - díthíodh Corach agus a lucht leanúna nuair a d'alp an tine dhá chéad go leith fear. Ba rabhadh iad.
11. Níor scriosadh ámh clann Chorach.
12. Clann Shímeon de réir sleachta: do Namúael, sliocht Namúael; do Iáimín, sliocht Iáimín; do Iáicín, sliocht Iáicín.