23. Thángadar go dtí Gleann Eisciol agus ghearradar craobh fíniúna ann le crobhaing caor; thug beirt acu leo í ar chuaille eatarthu; thugadar leo chomh maith pomagránaití agus figí.
24. Tugadh Gleann Eisciol (“Crobhaing”) ar an áit ón gcrobhaing a ghearr clann Iosrael anuas ansiúd.
25. Tar éis daichead lá d'fhilleadar óna dtaiscéaladh ar an tír.
26. Thángadar go dtí Maois, Árón agus go comhthionól uile chlann Iosrael i bhfásach Phárán ag Cáidéis. Thugadar a dtuairisc dóibhsean agus don chomhthionól go léir agus thaispeánadar torthaí na tíre dóibh.
27. Mar seo a dúradar: “Ghabhamar isteach sa tír inar sheol tú sinn; tá bainne agus mil ina slaoda ann, go deimhin, agus seo cuid dá thoradh.
28. Dream cumhachtach iad siúd a chónaíonn ann áfach; tá cóir chosanta ar a mbailte agus tá siad an-mhór; agus, sea, chonaiceamar sliocht Anac ann.
29. Tá seilbh ag an Amailéiceach ar dhúiche an Neigib; ag an Hiteach an Amórach agus an Iabúsach ar na hardáin, agus ag an gCanánach ar fheorainn na farraige agus na Iordaine.”
30. Bhí Cálaeb ag gríosú na ndaoine i láthair Mhaois agus dúirt: “Ar aghaidh linn gan mhoill agus gabhaimís seilbh ar an tír seo; is féidir dúinn é a smachtú.”
31. Ach dúirt na daoine a chuaigh suas fairis: “Ní féidir dúinn máirseáil i gcoinne na ndaoine seo; is treise iad ná sinne.”
32. Ansin chromadar ar thromaíocht le clann Iosrael ar an tír a bhí braite acu: “An tír a ndeachamar ag taiscéaladh air, is tír é a alpann lucht a áitrithe. Bhí toirt ainspianta i ngach fear dá bhfacamar ann.