1. Tabhair onóir don lia leis an onóir is dual dó de réir do ghá leis,mar is é an Tiarna a chruthaigh é.
2. Ón Té is Airde a thagann an leigheas,agus [is ionann é agus] tabhartas ón rí.
3. Tugann a ealaín ardú cinn don liaagus déantar iontas de i láthair na bhflatha.
4. Chum an Tiarna cógais as an gcré,agus ní bheidh drochmheas ag an eagnaí orthu.
5. Nach ndearna craobh de chrann uisce milis tráth,rud a chruthaigh a neart.
6. Thug sé ealaín do dhaoine,le go ndéanfaidís é a mhóradh ina éachtaí.
7. Leigheasann sé agus tógann an phian chun siúil le cabhair na gcógas;déanann an poitigéir oideas astu.
8. Ní bheidh clabhsúr go deo lena bhearta,agus leathann an tsláinte uaidh amach ar aghaidh na talún.
9. Nuair a bhíonn tú tinn, a mhic ó, na tagadh drochmhisneach ort;ach guigh chun an Tiarna agus leigheasfaidh sé thú.
10. Scoir de do lochtaí agus ná claon do ghéaga;glan do chroí ó gach peaca.
11. Ofráil túis agus cuimhneachán de mhin mhín,agus doirt ola ar d'íobairt de réir d'acmhainne.
12. Ansin fág faoin lia é, mar sé an Tiarna a chruthaigh é,agus ná himíodh sé uait óir tá gá agat leis.