17. na Hivigh, na hArcaigh, na Suínigh,
18. na hArvadaigh, na Zamáraigh, agus na Hamátaigh. Ina dhiaidh sin, leath treibheanna na gCanánach amach.
19. Ghabh críocha Chanán ó Shíodón i dtreo Ghearár go Gazá agus i dtreo Shodom agus Gomorá agus Adamá agus Zabóím go Laise.
20. Sin iad clann Hám de réir a dtreibheanna agus a dteangacha, de réir a gcríoch agus a gciníocha.
21. Rugadh clann chomh maith do Shéam, an té ónar shíolraigh clann Éibir ar fad, agus sinsear a dhearthár Iáfat.
22. Clann Shéam: Éalam agus Aisiúr agus Arpaicsead, agus Lúd agus Arám.
23. Clann Arám: Úz agus Húl agus Geitir agus Mais.
24. Ghin Arpaicsead Seálach, agus ghin Seálach Éibir.
25. Agus rugadh beirt mhac do Éibir; tugadh Roinnt ar an gcéad duine mar gur lena linn a roinneadh an talamh, agus tugadh Ioctán ar a dheartháir.
26. Ghin Ioctán Almódád agus Seilif agus Hazarmávat agus Iárach
27. agus Hadórám agus Úzál agus Dicleá,
28. agus Óbál agus Abamáél agus Seabá
29. agus Óifir agus Havalá agus Ióbáb; clann Ioctán iadsan go léir.
30. Bhí cónaí orthu sa dúiche ó Mhéiseá i dtreo Shafar, an tír chnocach lastoir.
31. Sin iad clann mhac Shéam de réir a dtreibheanna agus a dteangacha, de réir a gcríoch agus a gciníocha.
32. Sin iad treibheanna chlann Naoi de réir a síol agus a gciníocha. Uathusan a leath na ciníocha ar fud an domhain tar éis na díleann.