1. Bhí Solamh ina rí ar Iosrael go léir agus
2. b'iad seo a oifigigh: Azairiá mac Zádóc an sagart;
3. Eilíochoraf agus Aichíá, clann Shíseá, na rúnaithe; Iahóiseáfát mac Aichíliúd an t‑annálaí.
4. (Banáiá mac Iahóideá ceannasaí an airm; Zádóc agus Aibíátár, sagairt);
5. Azairiá mac Nátán ceann na bhfeidhmeannach; Zábúd mac Nátán sagart agus Cara an rí;
6. Aichíseár i gceannas an pháláis; Adoiníreám mac Abdá i gceannas an tsaothair éigeantaigh.
7. Bhí dháréag reachtaire ag Solamh, d'Iosrael go léir, agus is iad a sholáthraigh bia don rí agus dá theaghlach; chaith gach duine díobh soláthar a dhéanamh do mhí sa bhliain.
8. Seo iad a n‑ainmneacha:... mac Húr in ardáin Eafráim;
9. ...mac Dheicir i Mácaz, i Seálbaím, i mBéit Seimis, agus in Aiálón go Béit Hánán.
10. ...mac Heisid in Arubót; leis-sean a ghabh Sócó agus fearann Héifir go léir.
11. ...mac Aibíonádáb, dúiche Dhór go léir; bhí Táfat iníon Sholaimh aige mar chéile.
12. Báná mac Aichíliúd i dTánác agus i Migideo chomh fada le Iocmám, agus Béit Seán go léir laistíos de Izréil, ó Bhéit Seán go hAbael Machólá atá láimh le Zaratán.
13. ...mac Gheibir i Rámót Gileád; ba leis bailte Iáir mac Mhanaise atá i nGileád; agus ba leis dúiche Argob atá i mBáiseán, trí fichid cathair dhaingean le ballaí agus boltaí práis.
14. Aichíneádáb mac Ideo i Machanáím.