3. an cúigiú mac Safaitiá mac Aibíteál; an séú mac Itreám óna bhean Eaglá.
4. Rugadh seisear dó dá bhrí sin i Heabrón mar a raibh sé i réim seacht mbliana agus sé mhí. Bhí sé tríocha trí bliana i réim in Iarúsailéim.
5. Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin;
6. Ibcheár, Eiliseámá, Eilífilit,
7. Noga, Neifig, Iáifia,
8. Eilíseámá, Eiliádá, Eilífilit; naonúr.
9. Sin iad clann mhac uile Dháiví, seachas clann mhac na leannán. Deirfiúr dóibh ab ea Támár.
10. Sliocht Sholaimh: Rachabám, Aibíá a mhac, Ásá a mhacsan, Iahóiseáfát a mhacsan,
11. Iórám a mhacsan, Achaizíá a mhacsan, Ióáis a mhacsan,
12. Amaiziá a mhacsan, Azairiá a mhacsan, Iótám a mhacsan,
13. Áchaz a mhacsan, Hiziciá a mhacsan, Manaise a mhacsan,
14. Ámón a mhacsan, Ióisíá a mhacsan.
15. Clann mhac Ióisíá: Ióchánán an chéadghin, Iahóiácaím an dara mac, Zidicíá an tríú mac, Sealúm an ceathrú mac.