Tiomna Nua

Matha 9:25-38 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

25. Ach nuair a bhí an slua curtha amach, chuaigh seisean isteach gur rug ar a láimh, agus d'éirigh an cailín ina seasamh.

26. Agus chuaigh an t‑iomrá ar fud na tíre úd.

27. Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh leis as an áit úd, lean beirt dhall é, agus iad ag glaoch in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí.”

28. Nuair a chuaigh sé isteach sa teach, tháinig na daill go dtí é; agus d'fhiafraigh Íosa díobh, “An gcreideann sibh gur féidir liom sin a dhéanamh?” Dúirt siad leis, “Creidimid é, a Thiarna.”

29. Chuir sé a mhéar ar a súile ansin, agus dúirt sé, “Déantar libh de réir mar atá creidte agaibh.”

30. Agus osclaíodh a súile. Agus bhagair Íosa go dian orthu, “Tugaigí aire nach mbíonn a fhios ag aon duine.”

31. Ach is é rud, d'imigh siad leo gur scaip a chlú ar fud na tíre úd.

32. Nuair a bhí siadsan ag imeacht, tugadh balbhán chuige a raibh deamhan ann.

33. Agus nuair a bhí an deamhan caite amach, labhair an balbhán; agus rinne na sluaite iontas de, agus dúirt siad, “Ní fhacthas a leithéid in Iosrael.”

34. Ach is é a deireadh na Fairiséigh, “Bíonn sé ag díbirt na ndeamhan le cuidiú phrionsa na ndeamhan.”

35. Agus shiúil Íosa na cathracha agus na bailte beaga uile, ag teagasc ina sionagóga agus ag seanmóireacht shoiscéal na ríochta, agus ag leigheas gach aicíde agus gach easláinte.

36. Nuair a chonaic sé na sluaite, bhí trua aige dóibh, mar bhí siad cloíte de dhíth cuidithe, mar chaoirigh nach bhfuil aoire orthu.

37. Dúirt sé ansin lena dheisceabail, “Tá fómhar fairsing ann, agus gan ach beagán buanaithe ann;

38. bígí mar sin ag guí Thiarna an fhómhair go gcuire sé buanaithe amach chun a fhómhair.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 9