23. ach más easlán do shúil, beidh an dorchadas ar fud do cholainne uile. Agus má tá a bhfuil de sholas ionat ina dhorchadas, cad é atá chomh mór leis an dorchadas úd!
24. “Ní féidir do dhuine ar bith bheith ar fostú ag an dá mháistir; mar tabharfaidh sé fuath d'fhear acu agus grá don fhear eile, nó déanfaidh sé a mhór de dhuine acu agus a bheag den duine eile. Ní féidir daoibhse ach an oiread bheith in bhur seirbhísigh ag Dia agus ag an saibhreas saolta.
25. “Deirimse libh dá bhrí sin, gan bheith imníoch i dtaobh bhur mbeatha, faoi cad é a bheas agaibh le n‑ithe ná le n‑ól, ná i dtaobh bhur gcoirp faoi cad é a bheas agaibh le cur air. Nach mó an beo ná an bia, agus nach mó an corp ná an t‑éadach?
26. Féachaigí éanlaith an aeir: ní bhíonn siad ag cur ná ag baint ná ag cruinniú isteach in iothlainneacha, ach ní lúide a bhíonn bhur nAthair neamhaí ag coinneáil bia leo. Nach fiú níos mó sibhse ná iad?
27. Agus cé agaibh a bhfuil a imní in inmhe aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil?
28. Agus cad chuige daoibh imní a bheith oraibh i dtaobh na n‑éadaí? Déanaigí machnamh ar lilí an mhachaire, agus ar an bhfás a thagann fúthu; ní dhéanann siad saothar ná sníomh;
29. ach tá mise á insint daoibh, nach raibh Solamh féin faoi iomlán a mhaise chomh gléasta le haon lile acu seo.
30. Ach más mar sin a ghléasas Dia féar an mhachaire, a bhíos inniu go beo agus á chaitheamh isteach i sorn amárach, nach móide go mór a ghléasfaidh sé sibhse, a dhaoine úd an chreidimh bhig?
31. Dá bhrí sin de ná bígí go himníoch agus ná habraigí, ‘Cad é a bheas againn le n‑ithe? nó ‘Cá bhfaighimid aon ní le n‑ól?’ nó' ‘Cad é an t‑éadach a chaithfimid?’
32. Bíonn na nithe seo uile ina gcúram ag na Gintlithe; agus is feasach do bhur nAthair neamhaí go bhfuil riachtanas agaibh leo siúd uile.
33. Ach bíodh a ríochtsan agus a fhíréantachtsan mar chúram oraibhse roimh rud ar bith eile, agus beidh na nithe sin uile go léir agaibh lena gcois.