13. Agus ná lig sinn i gcathúAch saor sinn ó olc.
14. Mar má mhaitheann sibh a gcionta do dhaoine, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibh freisin;
15. ach mura maitheann sibh a gcionta do na daoine, ní mhaithfidh bhur nAthair neamhaí bhur gcionta daoibh ach oiread.
16. “Nuair a bhíonn sibh ag déanamh troscaidh, ná bíodh dreach gruama oraibh, mar lucht na bréagchráifeachta, a chuireas míghnaoi ar a ngnúiseanna ionas go mba léir do dhaoine iad a bheith ag déanamh troscaidh.
17. Ach nuair a bhíonn tusa ag déanamh troscaidh, ung do cheann agus nigh d'aghaidh,
18. ionas nach bhfeice na daoine do throscadh ach go bhfeice d'Athair a bhíos faoi cheilt; agus tabharfaidh d'Athair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit.
19. “Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh, mar a mbíonn na leamhain agus na coincleacha ag ithe, agus na gadaithe ag briseadh isteach agus ag goid,
20. ach cuirigí bhur stór i dtaisce daoibh féin ar neamh, san áit nach mbíonn na leamhain ná na coincleacha á ithe, ná na gadaithe ag briseadh isteach ná á ghoid.
21. Mar cibé áit a mbíonn do stór, is ann a bheidh do chroí freisin.
22. “Is í an tsúil crann solais na colainne. Dá bhrí sin de, más slán do shúil, beidh do cholainn uile lán den solas;
23. ach más easlán do shúil, beidh an dorchadas ar fud do cholainne uile. Agus má tá a bhfuil de sholas ionat ina dhorchadas, cad é atá chomh mór leis an dorchadas úd!
24. “Ní féidir do dhuine ar bith bheith ar fostú ag an dá mháistir; mar tabharfaidh sé fuath d'fhear acu agus grá don fhear eile, nó déanfaidh sé a mhór de dhuine acu agus a bheag den duine eile. Ní féidir daoibhse ach an oiread bheith in bhur seirbhísigh ag Dia agus ag an saibhreas saolta.