Tiomna Nua

Matha 5:37-48 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

37. Ná habraigí thar ‘Is ea’ agus ‘Ní hea’; mar is den olc gach ní dá laghad a théas thairis sin.

38. “Chuala sibh mar a dúradh, ‘Súil i gcúiteamh súile agus fiacail i gcúiteamh fiacaile.’

39. Ach deirimse libh gan olc a bheith agaibh do lucht an oilc. Ach an té a bhuaileas ar an leiceann deas thú, tiontaigh an leiceann eile leis;

40. agus an té a chuireas dlí ort faoi do léine, lig dó d'fhallaing a fháil freisin;

41. agus má chuireann duine feidhm ort míle a shiúl, siúil dhá mhíle leis.

42. Tabhair don té a iarras ort, agus ná diúltaigh an té ar mhian leis iasacht a fháil uait.

43. “Chuala sibh go ndeirtí, ‘Tabhair grá do do chomharsa, agus fuath do do namhaid.’

44. Ach is é a deirim libh, ‘Bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus bígí ag guí ar son lucht bhur ngéarleanúna,

45. ionas go mbí sibh in bhur gclann ag bhur nAthair neamhaí; mar tugann sé ar a ghrian éirí ar dhrochdhaoine agus ar dhea-dhaoine, agus cuireann sé fearthainn ar na fíréin agus ar lucht na héagóra.

46. Mar má thugann sibh grá don dream a thugann grá daoibh, cad é an tairbhe daoibh é? Nach mbíonn na bailitheoirí cánacha féin ag déanamh amhlaidh?

47. Agus má bheannaíonn sibh do bhur mbráithre amháin, cad é a dhéanas sibh thar dhaoine eile? Nach ndéanann na Gintlithe féin mar an gcéanna?

48. Caithfidh an feabhas iomlán a bheith agaibh de réir an fheabhais atá in bhur nAthair neamhaí.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 5