33. “Chuala sibh arís go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná tabhair mionnaí bréige, ach comhlíon cibé a mhionnaigh tú don Tiarna.’
34. Ach is é a deirimse libh, gan ní ar bith a thabhairt mar mhionn, ná tabhair neamh, ós í ríchathaoir Dé í,
35. ná an talamh, ós é an stól atá faoina chosa é, ná ná tabhair Iarúsailéim, ós í cathair an Ardrí í.
36. Agus ná tabhair do cheann, ó nach féidir leat ribe dá bhfuil air a dhéanamh geal ná dubh.
37. Ná habraigí thar ‘Is ea’ agus ‘Ní hea’; mar is den olc gach ní dá laghad a théas thairis sin.
38. “Chuala sibh mar a dúradh, ‘Súil i gcúiteamh súile agus fiacail i gcúiteamh fiacaile.’
39. Ach deirimse libh gan olc a bheith agaibh do lucht an oilc. Ach an té a bhuaileas ar an leiceann deas thú, tiontaigh an leiceann eile leis;
40. agus an té a chuireas dlí ort faoi do léine, lig dó d'fhallaing a fháil freisin;
41. agus má chuireann duine feidhm ort míle a shiúl, siúil dhá mhíle leis.
42. Tabhair don té a iarras ort, agus ná diúltaigh an té ar mhian leis iasacht a fháil uait.
43. “Chuala sibh go ndeirtí, ‘Tabhair grá do do chomharsa, agus fuath do do namhaid.’