Tiomna Nua

Matha 5:27-45 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

27. “Chuala sibh go ndúradh, ‘Ná déan adhaltranas.’

28. Ach deirimse libh nach bhfuil duine dá dtugann amharc drúisiúil ar bhean nach bhfuil adhaltranas croí déanta aige léi cheana féin.

29. Má bhíonn do shúil dheas ina ábhar peaca agat, steall amach as do cheann í agus caith uait í; is fearr aon bhall de do bhaill a chailleadh na go gcaithfí do chorp iomlán isteach in ifreann.

30. Agus má bhíonn do lámh dheas ina ábhar peaca agat, gearr díot í agus caith uait í; mar is fearr aon bhall amháin de do bhaill a chailleadh ná go rachadh do chorp iomlán isteach in ifreann.

31. “Dúradh freisin, ‘Cibé duine a scaras lena bhean, tugadh sé teastas dealaithe di.’

32. Ach deirimse nach bhfuil duine dá scarann lena bhean, ach amháin as siocair a mígheanmnaíochta, nach mbíonn ag déanamh banadhaltraigh di; agus an té a phósas bean dhealaithe, bíonn sé ciontach in adhaltranas.

33. “Chuala sibh arís go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná tabhair mionnaí bréige, ach comhlíon cibé a mhionnaigh tú don Tiarna.’

34. Ach is é a deirimse libh, gan ní ar bith a thabhairt mar mhionn, ná tabhair neamh, ós í ríchathaoir Dé í,

35. ná an talamh, ós é an stól atá faoina chosa é, ná ná tabhair Iarúsailéim, ós í cathair an Ardrí í.

36. Agus ná tabhair do cheann, ó nach féidir leat ribe dá bhfuil air a dhéanamh geal ná dubh.

37. Ná habraigí thar ‘Is ea’ agus ‘Ní hea’; mar is den olc gach ní dá laghad a théas thairis sin.

38. “Chuala sibh mar a dúradh, ‘Súil i gcúiteamh súile agus fiacail i gcúiteamh fiacaile.’

39. Ach deirimse libh gan olc a bheith agaibh do lucht an oilc. Ach an té a bhuaileas ar an leiceann deas thú, tiontaigh an leiceann eile leis;

40. agus an té a chuireas dlí ort faoi do léine, lig dó d'fhallaing a fháil freisin;

41. agus má chuireann duine feidhm ort míle a shiúl, siúil dhá mhíle leis.

42. Tabhair don té a iarras ort, agus ná diúltaigh an té ar mhian leis iasacht a fháil uait.

43. “Chuala sibh go ndeirtí, ‘Tabhair grá do do chomharsa, agus fuath do do namhaid.’

44. Ach is é a deirim libh, ‘Bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus bígí ag guí ar son lucht bhur ngéarleanúna,

45. ionas go mbí sibh in bhur gclann ag bhur nAthair neamhaí; mar tugann sé ar a ghrian éirí ar dhrochdhaoine agus ar dhea-dhaoine, agus cuireann sé fearthainn ar na fíréin agus ar lucht na héagóra.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 5