Tiomna Nua

Matha 5:21-30 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

21. “Chuala sibh go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná déan marú; agus cibé a dhéanas marú, tabharfar breith air.’

22. Ach is é deirim libh, nach bhfuil duine dá dtéann i bhfeirg lena bhráthair nach dtabharfar breith air; ná duine a thugas masla cainte dá bhráthair nach dtabharfar roimh an ardchomhairle, ná duine a deir ‘A amadáin!’ nach baol dó tinte ifrinn.

23. Mar sin, má tá aisce á toirbhirt agat ar an altóir, agus más cuimhneach leat ansin go bhfuil ábhar casaoide ag do bhráthair ort,

24. fág d'aisce ansin os comhair na haltóra agus imigh uaithi; déan socrú le do bhráthair ar dtús, agus tar ansin a thoirbhirt d'aisce.

25. Bíodh deifir ort le socrú le do chúisitheoir, agus tú ar an mbealach leis go teach na cúirte, ar eagla go dtuga do chúisitheoir i lámha an bhreithimh thú, agus go gcuire an breitheamh idir lámha an gharda thú, agus go gcaitear i bpríosún thú;

26. deirim leat go fíor, ní bhfaighidh tú cead do chinn go dtí go raibh an bonn rua deireannach íoctha agat.

27. “Chuala sibh go ndúradh, ‘Ná déan adhaltranas.’

28. Ach deirimse libh nach bhfuil duine dá dtugann amharc drúisiúil ar bhean nach bhfuil adhaltranas croí déanta aige léi cheana féin.

29. Má bhíonn do shúil dheas ina ábhar peaca agat, steall amach as do cheann í agus caith uait í; is fearr aon bhall de do bhaill a chailleadh na go gcaithfí do chorp iomlán isteach in ifreann.

30. Agus má bhíonn do lámh dheas ina ábhar peaca agat, gearr díot í agus caith uait í; mar is fearr aon bhall amháin de do bhaill a chailleadh ná go rachadh do chorp iomlán isteach in ifreann.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 5