Tiomna Nua

Matha 5:12-24 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

12. Bíodh áthas agus lúcháir oraibh, mar is mór an luach saothair atá agaibh ar neamh, mar is ar an nós céanna a chuireadh na daoine géarleanúint ar na fáithe a bhíodh ann romhaibh.

13. “Is sibhse salann an domhain; ach má chailleann an salann a bhlas, conas a dhéanfar goirt arís é? Níl úsáid ann, ach a chaitheamh amach faoi chosa na ndaoine.

14. “Is sibhse crann solais an domhain. Ní féidir cathair a bhíos ar mhullach cnoic a cheilt.

15. Agus ní lasann daoine lampa lena chur faoi bhéal soithigh, ach ar sheastán, agus tugann sé solas ansin dá bhfuil sa teach.

16. Go mba mar sin a bheas bhur solas-sa ag dealramh os comhair na ndaoine, ionas go bhfeice siad bhur ndea-oibreacha agus go dtuga siad an ghlóir do bhur nAthair atá ar neamh.

17. “Ná smaoinígí gur tháinig mise leis an dlí agus na fáithe a chur ar ceal; ní lena gcur ar ceal ach lena gcur i gcrích a tháinig mise.

18. Mar deirim go fíor libh, go dtí go rachaidh neamh agus talamh as, ní rachaidh aon phonc den dlí ar neamhní go dtí go gcuirtear an t‑iomlán i gcrích.

19. Mar sin de, cibé duine a dhéanas a bheag den aithne is lú díobh seo agus a chuireas sin ina luí ar dhaoine, is de a ghairfear an té is lú i ríocht neimhe; ach an té a bhíos á saothrú amach agus á dteagasc beidh ainm fir mhóir i ríocht neimhe air.

20. Mar táim á insint daoibh, mura sáraíonn an fhíréantacht atá agaibhse an fhíréantacht a bhíos ag na scríobhaithe agus ag na Fairiséigh ní rachaidh sibh isteach i ríocht neimhe choíche.

21. “Chuala sibh go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná déan marú; agus cibé a dhéanas marú, tabharfar breith air.’

22. Ach is é deirim libh, nach bhfuil duine dá dtéann i bhfeirg lena bhráthair nach dtabharfar breith air; ná duine a thugas masla cainte dá bhráthair nach dtabharfar roimh an ardchomhairle, ná duine a deir ‘A amadáin!’ nach baol dó tinte ifrinn.

23. Mar sin, má tá aisce á toirbhirt agat ar an altóir, agus más cuimhneach leat ansin go bhfuil ábhar casaoide ag do bhráthair ort,

24. fág d'aisce ansin os comhair na haltóra agus imigh uaithi; déan socrú le do bhráthair ar dtús, agus tar ansin a thoirbhirt d'aisce.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 5