Tiomna Nua

Matha 5:1-17 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Nuair a chonaic sé chuige na sluaite, chuaigh sé in airde an tsléibhe, agus nuair a shuigh sé faoi, tháinig a dheisceabail chuige.

2. Agus d'oscail sé a bhéal agus chuaigh á dteagasc, agus is é a dúirt sé:

3. “Is beannaithe na boicht ó sprid, mar is leo ríocht na bhflaitheas.

4. “Is beannaithe lucht an dobróin, mar tabharfar sólás dóibh.

5. “Is beannaithe na daoine ceansa, mar gheobhaidh siad an domhan mar oidhreacht.

6. “Is beannaithe an lucht a mbíonn ocras agus tart orthu ar son an chirt, mar gheobhaidh siad sásamh.

7. “Is beannaithe lucht na trócaire, mar déanfar trócaire orthu.

8. “Is beannaithe lucht na gcroíthe glana, mar feicfidh siad Dia.

9. “Is beannaithe lucht déanta na síochána, mar tabharfar clann Dé orthu.

10. “Is beannaithe lucht fulaingthe géarleanúna ar son an chirt, mar is leo ríocht na bhflaitheas.

11. “Is beannaithe sibh féin nuair a bhíos na daoine ag fonóid fúibh agus ag cur géarleanúna oraibh agus gach uile dhrochfhocal á rá acu fúibh go bréagach mar mhaithe liomsa.

12. Bíodh áthas agus lúcháir oraibh, mar is mór an luach saothair atá agaibh ar neamh, mar is ar an nós céanna a chuireadh na daoine géarleanúint ar na fáithe a bhíodh ann romhaibh.

13. “Is sibhse salann an domhain; ach má chailleann an salann a bhlas, conas a dhéanfar goirt arís é? Níl úsáid ann, ach a chaitheamh amach faoi chosa na ndaoine.

14. “Is sibhse crann solais an domhain. Ní féidir cathair a bhíos ar mhullach cnoic a cheilt.

15. Agus ní lasann daoine lampa lena chur faoi bhéal soithigh, ach ar sheastán, agus tugann sé solas ansin dá bhfuil sa teach.

16. Go mba mar sin a bheas bhur solas-sa ag dealramh os comhair na ndaoine, ionas go bhfeice siad bhur ndea-oibreacha agus go dtuga siad an ghlóir do bhur nAthair atá ar neamh.

17. “Ná smaoinígí gur tháinig mise leis an dlí agus na fáithe a chur ar ceal; ní lena gcur ar ceal ach lena gcur i gcrích a tháinig mise.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 5