Tiomna Nua

Matha 4:6-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

6. go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, caith síos thú féin; mar tá scríofa,‘Cuirfidh sé ar chúram a aingeal thú,’agus‘Iompróidh siad ar a mbosa thú,ionas nach ngortaí tú do chos in éadan cloiche.’”

7. Arsa Íosa leis, “Tá scríofa arís, ‘Ní chuirfidh tú cathú ar do Thiarna Dia.’”

8. Thug an diabhal leis arís é go mullach sléibhe a bhí as cuimse ard, gur thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir;

9. agus ar seisean leis, “Bronnfaidh mé iad seo uile ort, ach tú titim síos agus mé a adhradh.”

10. Ba ansin a dúirt Íosa leis, “Fág seo, a Shátain! Mar tá scríofa,‘Adharfaidh tú do Thiarna Diaagus ní dhéanfaidh tú seirbhís ach dósan amháin.’”

11. D'fhág an diabhal ansin é, agus b'shiúd na haingil ag teacht chuige a fhreastal air.

12. Anois nuair a chuala sé gur gabhadh Eoin, chuaigh sé ar a sheachnadh go Galailí;

13. agus d'fhág sé Nasair go ndeachaigh a bhaint faoi i gCaparnáum atá cois na farraige, i gceantar Shebúlúin agus Naftálí,

14. ionas go gcomhlíonfaí a ndúirt an fáidh Ísáia:

15. “Tír Shebúlúin agus Tír Naftálí,i dtreo na farraige, taobh thall den Iornán,Galailí na nGintlithe—

16. an mhuintir a bhíodh ina suí faoin dorchadas,tá solas mór feicthe acu,agus an dream a bhí suite i dtír an éaga agus faoi scáth an bháis,is orthu a d'éirigh an solas.”

17. As sin amach thosaigh Íosa a sheanmóireacht, agus dúirt sé, “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht neimhe i bhfogas.”

18. Bhí Íosa ag siúl ar bhruach Mhuir Ghalailí, nuair a chonaic sé beirt dheartháireacha, Siomón ar tugadh Peadar air agus Aindrias a dheartháir, agus iad ag cur lín i bhfarraige mar ba iascairí iad.

19. Agus dúirt sé leo, “Leanaigí mise, agus cuirfidh mé a iascaireacht fear sibh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 4