Tiomna Nua

Matha 4:17-23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

17. As sin amach thosaigh Íosa a sheanmóireacht, agus dúirt sé, “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht neimhe i bhfogas.”

18. Bhí Íosa ag siúl ar bhruach Mhuir Ghalailí, nuair a chonaic sé beirt dheartháireacha, Siomón ar tugadh Peadar air agus Aindrias a dheartháir, agus iad ag cur lín i bhfarraige mar ba iascairí iad.

19. Agus dúirt sé leo, “Leanaigí mise, agus cuirfidh mé a iascaireacht fear sibh.”

20. D'fhág siad a líonta ar an toirt gur lean siad é.

21. Agus shiúil sé ar aghaidh leis go bhfaca beirt eile dheartháireacha, Séamas mac Shebidé agus a dheartháir Eoin, sa bhád i gcuideachta Shebidé a n‑athair, agus iad ag deisiú a líonta, agus ghlaoigh sé orthu.

22. D'fhág siad an bad agus a n‑athair ar an toirt, agus lean siad é.

23. Agus shiúil sé an Ghalailí ar fad, ag teagasc sna sionagóga agus ag seanmóireacht soiscéal na ríochta agus ag leigheas gach uile aicíd agus easláinte a bhíodh ar dhaoine.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 4