Tiomna Nua

Matha 4:14-25 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

14. ionas go gcomhlíonfaí a ndúirt an fáidh Ísáia:

15. “Tír Shebúlúin agus Tír Naftálí,i dtreo na farraige, taobh thall den Iornán,Galailí na nGintlithe—

16. an mhuintir a bhíodh ina suí faoin dorchadas,tá solas mór feicthe acu,agus an dream a bhí suite i dtír an éaga agus faoi scáth an bháis,is orthu a d'éirigh an solas.”

17. As sin amach thosaigh Íosa a sheanmóireacht, agus dúirt sé, “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht neimhe i bhfogas.”

18. Bhí Íosa ag siúl ar bhruach Mhuir Ghalailí, nuair a chonaic sé beirt dheartháireacha, Siomón ar tugadh Peadar air agus Aindrias a dheartháir, agus iad ag cur lín i bhfarraige mar ba iascairí iad.

19. Agus dúirt sé leo, “Leanaigí mise, agus cuirfidh mé a iascaireacht fear sibh.”

20. D'fhág siad a líonta ar an toirt gur lean siad é.

21. Agus shiúil sé ar aghaidh leis go bhfaca beirt eile dheartháireacha, Séamas mac Shebidé agus a dheartháir Eoin, sa bhád i gcuideachta Shebidé a n‑athair, agus iad ag deisiú a líonta, agus ghlaoigh sé orthu.

22. D'fhág siad an bad agus a n‑athair ar an toirt, agus lean siad é.

23. Agus shiúil sé an Ghalailí ar fad, ag teagasc sna sionagóga agus ag seanmóireacht soiscéal na ríochta agus ag leigheas gach uile aicíd agus easláinte a bhíodh ar dhaoine.

24. Mar sin leathnaigh a cháil ar fud na Síre, agus tugadh chuige na hothair, an dream a raibh plánna nó pianta orthu, nó deamhain iontu, nó titimeas nó pairilis orthu, agus leigheas sé iad.

25. Agus bhí sluaite móra á leanúint ó Ghalailí agus ó Dhecapolis agus ó Iúdaea agus ón limistéar a bhí taobh thoir den Iornán.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 4